Letra Ansacht Na nAnsacht de Aoife Ni Fhearraigh

Letra de Ansacht Na nAnsacht

Aoife Ni Fhearraigh


Ansacht Na nAnsacht
Aoife Ni Fhearraigh
(0 votos)
A mh'ansacht na n-ansacht
A dtug mé m'ansacht go léir duit
Nach cuimhin leat mo mhealladh
Is rinn tú'n fheall orm na dhéidh sin
Anois atá mé folamh
Is go bhfuil m'intinn lánbhuartha
'S mé ag amharc ar mo leannán
Ag fear eile á bréagadh
Éireoidh mé ar maidin
Le theacht dheirg na gréine
Agus fuígfidh mé mo bheannacht
Ag cailíní an tsaoil seo
Bhéarfaidh mé an ruaig sin
Thart suas fá Loch Éirne
'S ní phillfidh mé 'na bhaile
Go gcanfaidh 'n chuach ann gach réigiún
Mar bhláth bán na neoiníní
Bhíos a' fás i dtús a' tSamhraidh
Nó mar fhaolán dheas bhán
A bhíos a' snámh ar na méillte
Mar ghrian os cionn na dtuillte
'Sí dealrú thart timpeall
'S nach siúd mar bhíos mo ghrása
A' deanámh rámhaillí i m'intinn


Comparte Ansacht Na nAnsacht! con tus amigos.


Que tal te parece Ansacht Na nAnsacht de Aoife Ni Fhearraigh?
Pesima
Mala
Regular
Buena
Excelente